- Baile
- Tools
- Ráiteas um Inrochtaineacht
- Téarmaí agus Coimíollacha
- Príobháideacht
Príobháideacht
Tá meas ag an Roinn ar chearta a húsáideoirí agus ní bhailíonn an Roinn, mar riail ghinearálta, faisnéis phearsanta de chineál ar bith. Sa chás go soláthraíonn úsáideoir faisnéis phearsanta dá dheoin féin mar fhreagairt ar cheistneoir nó ar shuirbhé, bainfear úsáid as na sonraí chun críocha taighde nó anailíse amháin.
Ní nochtaítear aon fhaisnéis phearsanta dúinn agus duine ag brabhsáil ar an láithreán go ginearálta, cé go mbíonn faisnéis staitistiúil áirithe ar fáil dúinn trínár soláthraí seirbhíse idirlín. Féadfaidh an fhaisnéis seo a leanas bheith san áireamh ann:
- Seoladh loighiciúil an fhreastalaí atá á úsáid agat
- Ainm an fhearainn bharrleibhéil a dtéann tú ar an Idirlíon leis (mar shampla, .ie, com, .org srl.)
- Cineál an bhrabhsálaí atá á úsáid agat
- An dáta agus an t-am a théann tú isteach ar ár láithreán
- An seoladh Idirlín a úsáideadh chun nascadh leis an láithreán
Baintear úsáid as roinnt den fhaisnéis thuas chun staidreamh achomair a chruthú a chuireann ar ár gcumas líon na gcuairteoirí ar ár láithreán a mheasúnú, na leathanaigh is minice a dtéitear isteach iontu a aithint agus chun cabhrú linn ár láithreán a dhéanamh níos so-úsáidte go ginearálta.



