- Baile
- Rialtas Áitiúil
- Athchóiriú an Rialtais Áitiúil
- Riarachán Rialtais Áitiúil
- Mótarcháin
- Vótáil
- An Stiúrthóireacht Náisiúnta um Dóiteáin agus Bainistocht Éigeandála
- Sábháilteacht ó Dhóiteán
- Seirbhísí Dóiteáin agus Éigeandála
- Leabharlanna Poiblí
- Seirbhís Iniúchóireachta an Rialtais Áitiúil
- Rialú Madraí
- Ealaín Phoiblí
- Solathar Poibli
Vótáil
Léargas Ginearálta
Bíonn an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil freagrach as na cóid reachtaíochta éagsúla lena bpléitear le toghthóirí a chlárú agus le toghcháin agus reifrinn a reáchtáil. Bíonn athbhreithniú leanúnach ar dhlíthe toghcháin i gceist leis seo, chomh maith le hathbhreithniú ar thoghcheantair agus ar limistéir toghcháin áitiúil, faisnéis agus comhairle a sholáthar d’údaráis chlárúcháin, do chinn chomhairimh agus don phobal ginearálta in éineacht le torthaí toghcháin a fhoilsiú.
Tabhair do d’aire le do thoil go bhfuil sé i gceist go n-úsáidfí na bileoga faisnéise atá ar fáil i bhformáid PDF ar thaobh na láimhe deise den scáileán faoi Foilseacháin agus Cáipéisí mar threoir phraiticiúil agus nach léirmhíniú deifnídeach ar dhlíthe toghcháin iad. Leagtar an dlí mar a bhí sé i mí Mheán Fómhair 2006 amach iontu. Fógrófar aon athruithe ar reachtaíocht dá ndéantar i ndiaidh an dáta sin ar an suíomh idirlín seo faoi ‘Eolas is Déanaí’agus faoi 'Reachtaíocht' ar thaobh na láimhe clé den scáileán. Le haghaidh faisnéis níos mionsonraithe, ba chóir duit breathnú ar na forálacha ábhartha bunreachtúla agus reachtaíochta a bhaineann le dlíthe toghcháin, atá ar fáil ag http://www.oireachtas.ie/ViewDoc.asp?UserLang=GA&fn=/home.asp.
Clár na dToghthóirí
Ionas go mbeifear in ann vótáil ag toghchán nó ag reifrinn, caithfear ainm duine a iontráil ar chlár na dtoghthóirí don dúiche ina bhfuil an toghthóir ina chónaí de ghnáth. Ceanglaíonn an dlí ar údaráis chlárúcháin (comhairlí contae agus cathrach) clár toghthóirí a ullmhú agus a fhoilsiú gach bliain. Tagann an clár i bhfeidhm an 15ú Feabhra agus úsáidtear ag gach toghchán agus reifreann dá reáchtáiltear in imeacht an 12 mhí ina dhiaidh sin.
Tá faisnéis bhreise ar fáil sa cháipéis ghaolmhar ar thaobh na láimhe deise de do scáileán (ar fáil i dteangacha éagsúla) nó ar an suíomh idirlín um fhaisnéis do shaoránaigh.
Seiceáil Clár na dToghthóirí ar an Idirlíon
Ligeann Comhairlí Cathrach agus Contae duit seiceáil an bhfuil tú cláraithe le vótáil tríd an tseirbhís idirlín eReg anois - http://www.checktheregister.ie/
Faisnéis do Vótálaithe le Míchumais
Tá socruithe speisialta éagsúla i bhfeidhm chun cabhrú leo siúd a bhfuil míchumais áirithe orthu lena gceart vótála a fheidhmiú. San áireamh leo seo tá:
- gur féidir leat vótáil ag stáisiún vótaíochta malartach mura féidir leat dul isteach sa stáisiún áitiúil mar gheall ar mhíchumas
- gur féidir leat postvótáil
- gur féidir leat cúnamh a fháil ó chompánach nó ón oifigeach ceannais le vótáil ag an stáisiún vótaíochta
- gur féidir leat vótáil ag ospidéal, teach altranais nó in institiúid cosúil leis má tá tú i do chonaí ann agus mura féidir leat dul chuig an stáisiún vótála.
Tá faisnéis bhreise ar fáil sa cháipéis ghaolmhar ar thaobh na láimhe deise de do scáileán nó ar an suíomh idirlín um fhaisnéis do shaoránaigh.
Córas Toghcháin IC-AVI na hÉireann
Reáchtáiltear an vótáil ag toghcháin Uachtaránachta, Dála, Seanaid, Eorpacha agus áitiúla le ballóid rúnda ar phrionsabal na hionadaíochta cionmhaire i ndáilcheantair ilsuíochán (toghcheantar aonair a bhíonn i gceist le hÉirinn ag toghchán Uachtaránachta), agus bíonn aon vóta inaistrithe amháin ag gach vótálaí. Tá faisnéis bhreise ar fáil sa cháipéis ghaolmhar ar thaobh na láimhe deise de do scáileán.
Mionsonraí Teagmhála:
Rannóg Toghchórais,
Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil,
Seomra 1.67
Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1.
Teileafón: 353 1 8882424
Íosghlao: 1890202021
(Tabhair do d'aire go bhféadfadh na rátaí a ghearrtar as uimhreacha 1890(Íosghlao) a úsáid a bheith éagsúil i measc soláthraithe difriúla seirbhíse.)
Facs: 353 1 8882690
Ríomhphost: franchise@environ.ie
Foilseacháin agus Cáipéisí
- Mar a Thoghtar an Seanad (pdf, 150 kb)
- Nóta Eolais Do Iarrthóirí (pdf, 269 kb)
- An tSlí a dToghtar an Dáil (pdf, 185 kb)
- Parlaimímt na hEorpa - An tSlí a dToghtar Ionadaithe na hÉireann (pdf, 190 kb)
- An tSlí a dToghtar Comhaltaí na nÚdarás Áitiúil (pdf, 211 kb)
- An Reifreann in Éirinn (pdf, 124 kb)
- Eolas do Vótálaithe faoi Mhíchumas (pdf, 127 kb)
- Clár na dToghthóirí (pdf, 144 kb)



