Skip to main content

Seomra Suite


Mairimid in aois ina mbíonn sé de nós againn i bhfad níos mó só-earraí a bheith againn ná mar a bhíodh ag ár dtuismitheoirí, m.sh. teilifíseáin mhórscáileáin, seinnteoirí dvd/físeáin, ríomhairí,  playstations, srl. agus is rí-mhinic a bhíonn na hearraí seo le fáil sa seomra suite. Chomh maith leis na hearraí sin a luadh díreach ansin, bíonn cuid mhór troscán, maisiúchán, coinnle, cairpéad/urlárlaigh adhmaid, fístéipeanna/dvdeanna, grianghraf sa seomra suite agus níl deireadh ar bith leis an liosta. Ní aon iontas ar bith é mar sin gur sa seomra suite a thosaíon an iliomad dóiteán gach bliain.

Tá sé an-tábhachtach go ndúnfar an doras isteach sa seomra suite agus gach doras den teach sula dtéitear a luí toisc, má bhíonn dóiteán ann, go gcuirfidh seo moill le spré an dóiteáin agus an deataigh.



Leideanna chun an tsábháilteacht ó dhóiteán a fheabhsú sa seomra suite


Leictreachas

 

  • Ná cuir ualach iomarcach ar shoicéid leictreacha riamh.
  • Má bhíonn níos mó soicéid leictreacha ag teastáil uait, cuir fios ar leictreoir le tuilleadh a shuiteáil.
  • Cinntigh go n-úsáidfidh tú na fiúsanna cearta i d’fhearais.
  • Déan gach fearas leictreach neamhriachtanach a dhíphlugáil istoíche.
  • Má bhíonn trealamh leictreach deartha le bheith ar siúl i rith na hoíche ar fad, suiteáil aláram deataigh sa seomra.


Lucht Caite Tobac

 

  • Cinntigh go mbíonn dóthain luaithreadán sa seomra.
  • Cinntigh go bhfolmhófar na luaithreadáin tar éis dóibh a bheith úsáidte agus caith a bhfuil iontu amach go cúramach (doirt uisce fuar orthu).
  • Ná caith tobac riamh agus tú tuirseach nó tar éis alcól a ól, toisc gur féidir le bunanna toitíní fanacht lasta, má thiteann siad, ar feadh tréimhsí fada sula lasann siad rud éigin.
  • Ná fág toitíní lasta riamh gan súil a choinneáil orthu, fiú ar feadh soicind.
  • Coinnigh lasáin agus lastóirí in áit shábháilte agus amach ó leanaí.
  • Sa chás gur féidir, ceannaigh lastóirí agus boscaí lasán “leanbhdhíonach”, a bhíonn deacair do leanaí a lasadh.


Ag Glanadh an tSimléir


Is é an bealach is fearr le déileáil le dóiteán sa simléir, ar ndóigh, ná gan ligean do cheann tosú ar an gcéad dul síos. Chun dóiteán simléir a chosc, cinntigh go nglantar go rialta é – lean an treoir mholta seo maidir lena ghlanadh:

  • Tinteáin ina ndóitear adhmad – Ceithre huaire in aghaidh na bliana 
  • Tinteáin ina ndóitear breosla soladach – Uair sa bhliain más breosla gan toit a bhíonn á úsáid
  • Tinteáin ina ndóitear breosla soladach – Faoi dhó sa bhliain más gual atá á úsáid
  • Tinteáin ina ndóitear ola – Uair sa bhliain
  • Tinteáin ina ndóitear gás - Uair sa bhliain má tá sé deartha go scuabfar é


Dóiteáin sa Simléar


Tarlaíonn dóiteáin sa simléar nuair a charntar spruadar carbóin agus deataigh i simléar agus go lasann spréacha ó thine oscailte iad. Sa chás go mbeidh an oiread den mhí-ádh ort go dtarlaíonn dóiteán i do shimléarsa sa bhaile, lean na moltaí thíos maidir leis an méid is cóir a dhéanamh. Níor cheart duit féachaint leis an dóiteán a mhúchadh ach amháin sa chás go mbíonn sé sábháilte duit amhlaidh a dhéanamh.

  • Cuir garda le haghaidh spréach ar aghaidh an tinteáin ionas go stopfar súiche te a bheith ag titim amach.
  • Cuir fios ar an mBriogáid Dóiteáin agus coinnigh súil ghéar ar an dóiteán.
  • D’fhéadfadh deatach a bheith carntha sa seomra mar sin cuir gach duine amach as.
  • Bog trealamh agus cairpéid amach ón tinteán más féidir.
  • Faigh báisín nó buicéad uisce agus seantuáille nó seancheirt.
  • Cuir an tuáille/ceirt ar maos san uisce agus leath trasna an dóiteáin sa ghráta é.
  • Rachaidh an ghal ón uisce sa tuáillle/cheirt in airde agus cabhróidh sé leis an dóiteán a mhúchadh.
  • Cinntigh go gcoinneoidh tú an tuáille/cheirt fliuch trí uisce a stealladh air nó dófar é.


Tinteáin

 

  • Ná húsáid peitreal ná substaintí cosúil leis riamh chun dóiteán sa bhaile a lasadh.
  • Ná dóigh ach ábhair oiriúnacha.
  • Cinntigh go mbeidh aeráil cheart sa seomra cuma cén cineál fearas téimh atá á úsáid.
  • Cuir garda éifeachtach le haghaidh spréach, ar mhéid oiriúnach cheart, ar aghaidh tinteán oscailte.
  • Coinnigh an limistéar timpeall ar an tinteán glan ar nuachtáin, leabhair, éadaí, srl. (aon rud indóite).
  • Seachain is nach gcrochfaidh tú scáthán os cionn an tinteáin mar meallann seo daoine agus bíonn siad ina seasamh róghar don tinteán
  • Ná aeráil eadaí róghar don tinteán.
  • Ba chóir fáil réidh le luaithreach te go cúramach agus gan iad a chur síos i mboscaí bruscair plaisteacha agus iad fós te.

 
Téitheoirí Iniompraithe

 

  • Caith le téitheoir iniompraithe ar an gcaoi chéanna is a chaithfeá le tinteán ina n-úsáidtear breosla soladach.
  • Úsáid garda timpeall air chun é a chosaint ar leanaí, pheataí, srl. a bheith ag cur isteach air.
  • Coinnigh an téitheoir amach ó gach ábhar indóite m.sh. trealamh, cuirtíní, srl.
  • Cuir an téitheoir in áit nach féidir é a leagan.
  • Ná triomaigh éadaí ar nó ar aghaidh téitheoirí.
  • Coinnigh substaintí solasta ar nós aerasól, greamachán, leachtanna glantacháin srl. amach ó théitheoirí.
  • Ná gluais téitheoir agus é fós ar siúl nó fós te.


Coinnle

 

  • Cinntigh go n-úsáidtear iad i gcoimeádáin chearta, dolasta agus ar dhromchla a bhfuil frithsheasmhacht in aghaidh teasa ann.
  • Cinntigh nach bhfágtar iad ar dhromchla mar ar féidir iad a leagan go héasca.
  • Cinntigh nach bhfágtar iad riamh gan súil ag duine orthu.
  • Coinnigh coinnle amach ó shiorraí gaoithe. 
  • Cinntigh nach bhfágtar iad mar ar féidir le leanaí nó peataí teacht orthu.
  • Cinntigh nach bhfuil aon rud indóite os cionn nó timpeall ar raon na coinnle.
  • Ná cuir coinnle lasta ar bharr teilifíseán, srl. riamh.
  • Ná gluais coinneall riamh agus í lasta, múch í agus lig di fuarú ar dtús.
  • Príontáil

Foilseacháin agus Cáipéisí

Nuacht agus Óráidí

Reachtaiocht