Skip to main content

Cistin


Is dóigh go bhféadfadh an chistin a bheith ar an seomra is contúirtí sa bhaile. Bíonn dromchlaí te ann, lasracha gan chosaint, soláthairtí líonmhara breosla, fearais leictreacha, go leor ábhar a fhéadfaidh rud nó duine a dhó agus a scalladh, srl. Is iomaí rud a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar seachráin do dhuine freisin .i. leanaí, teileafóin, teilifíseáin, raidiónna, comharsana, innill níocháin, agus níl deireadh ar bith leis an liosta!

Tá sé tábhachtach go mbeadh siad seo ag duine sa chistin;

  • cleachtas “sábháilte oibre”, chun teacht roimh nithe a bheith do do chur ar seachrán
  • Blaincéad Dóiteáin agus Múchtóir Dóiteáin
  • Fearas Garchabhrach a mbeidh iomlán na n-ábhar riachtanach ann


Leideanna chun an tsábháilteacht ó dhóiteán a fheabhsú sa chistin


Leanaí


 

  • Is sa chistin a tharlaíonn formhór na n-eachtraí ina ndóiteár agus ina scalltar leanaí. Ná lig do leanaí a bheith sa chistin riamh gan súil ag duine orthu.
  • Coinnigh lasáin agus lastóirí amach as áiteanna go bhféadfadh leanaí teacht orthu. Má bhíonn lastóirí agus lasáin ag teastáil uait sa chistin, faigh cinn “leanbhdhíonacha” a bhíonn níos deacra do leanaí a lasadh.  
  • Bealach níos sábháilte le fearais gháis a lasadh ná gairis spréiche nó eilimintí téite a úsáid.

 
Cócaireáin


 

  • Coinnigh cócaireáin glan – beidh priacal dóiteáin ann má ligtear don ghréisc carnadh orthu. 
  • Cas an cócaireán as nuair nach bhfuiltear á úsáid. 
  • Seiceáil go bhfuil an cócaireán casta as sula dtéitear a luí.
  • Ná húsáid cócaireán riamh agus éadaí á dtriomú.
  • Glan scagairí ar fheananna eastarraingthe nó cuir scagairí nua in ionad na seancheann go rialta.
  • Coinnigh lámha potaí casta isteach agus ní amach thar na lasracha nó thar fháinní na heiliminte.
  • Ná bíodh cáblaí leictreachais ag dul thar chócaireán riamh agat .i. citil leictreacha, tóstaeir srl.
  • Bí cúramach le héadaí scaoilte agus tú ag síneadh do láimhe amach thar chócaireáin, go háirithe cócaireáin ar a bhfuil fáinní gáis.
  • Ná croch tuáillí tae ar nó thar chócaireáin riamh.
  • Bíonn aer úr ag teastáil ó chócaireáin agus ó choirí gáis go n-oibreoidh siad i gceart. Ná bíodh constaicí curtha roimh ghaothairí riamh agat. Bíonn aeráil mhaith fíorthábhachtach freisin sa chás go sceitear gás.


Pannaí Sceallóg/Friochtáin Dhoimhne


 

  • Seachain/bí iontach cúramach agus “pannaí sceallóg” á n-úsáid toisc gur guais mhór dhóiteáin iad.
  • Ná líon níos mó ná an tríú cuid den phanna sceallóg/den fhriochtán domhain le hola nó saill.
  • Tástáil teocht an ola/na saille trí phíosa beag aráin a chur síos ann. Má dhéantar arán brioscánach de go gasta, tá an t-ola/saill réidh.
  • Má bhíonn deatach ag teacht den ola/saill, tá sé róthe. Cas as an teas agus lig dó fuarú roimh duit tosú arís.
  • Ná gluais panna sceallóg/friochtán domhain riamh agus é te.
  • Ná fág panna sceallóg/friochtán domhain riamh gan súil ag duine air.
  • Ná cócaireáil sceallóga riamh agus alcól ólta agat toisc go mbíonn sé de nós ag daoine titim ina gcodladh agus iad ag fanacht go mbeidh an t-ola/saill te. Cúis mhór dhóiteán is ea é seo. 
  • Má úsáidtear friochtán domhain teasrialaithe nó má athraítear go dtí sceallóga a dhéantar a chócaireáil san oighean, is féidir formhór na ndóiteán seo a chosc. 


Fearais Leictreacha


 

  • Bíonn fearais leictreacha ina gcúis le líon mór dóiteán in áitribh chónaithe gach bliain.
  • Cinntigh go ndéanfar gach fearas leictreach a chothabháil i gceart agus gur duine cáilithe a dhéanfaidh iad a shuiteáil.
  • Ná cuir ualach iomarcach ar shoicéid leictreacha riamh toisc gur guais mhór dhóiteáin é seo. 
  • Téigh i dteagmhail le leictreoir má bhíonn cáblaí caite nó má dhéantar damáiste orthu nó díreach faigh fearas nua ina áit.
  • Seachain is nach bhfágfaidh tú na fearais i mbun feidhme thar oíche. Má bhíonn fút iad a fhágáil i mbun feidhme thar oíche, ba cheart go mbeidís i seomraí a bhfuil doras dúnta idir iad agus an bealach éalaithe.
  • I gcás dóiteáin, cas an cumhacht as ag an bpríomhlasc aonrúcháin más féidir seo a dhéanamh go sábháilte gan mhoill a chur ort féin agus tú ag éalú.
  • Príontáil

Foilseacháin agus Cáipéisí

Nuacht agus Óráidí

Reachtaiocht