- Baile
- Rialtas Áitiúil
- Athchóiriú an Rialtais Áitiúil
- Seirbhís Iniúchóireachta an Rialtais Áitiúil
- Riarachán Rialtais Áitiúil
- Mótarcháin
- Vótáil
- An Stiúrthóireacht Náisiúnta um Dóiteáin agus Bainistocht Éigeandála
- Sábháilteacht ó Dhóiteán
- Seirbhísí Dóiteáin agus Éigeandála
- Leabharlanna Poiblí
- Rialú Madraí
- Ealaín Phoiblí
- Solathar Poibli
Carbháin
Tá na prionsabail ó thaobh a bheith ag fanacht sábháilte ó dhóiteán i gcarbhán, teach soghluaiste, srl., mar an gcéanna leis na cinn a bhaineann le teach, ach tá roinnt nithe breise is gá a chur san áireamh:
Sábháilteacht sa Charbhán
- Bíonn dóiteáin i gcarabháin iontach contúirteach.
- Bíodh plean aslonnaithe agat, imigh amach go gasta.
- Bíodh do mhúchtóir dóiteáin agus do bhlaincéad dóiteáin féin agat agus cinntigh go bhfuil conas agus cathain iad a úsáid ar eolas ag gach duine.
- Cinntigh go mbíonn do shorcóir gás (LPG) lasmuigh, ar thalamh comhréidh agus in áit atá aeráilte go maith agus amach ó aon fhoinse teasa.
- Cinntigh go mbeidh nasc maith ann leis an bpíopa gáis agus go mbíonn an sorcóir daingnithe.
- Cuir do théitheoir breosla soladaigh ina sheasamh ar leac ceart mhiotail nó chloiche.
- Ná húsáid peitreal, pairifín nó breosla díosail chun sorn nó téitheoir, ina n-úsáidtear breosla soladach, a lasadh.
- Ba chóir luaithreach a thabhairt ar shiúl le sluasaid mhiotail agus buicéad miotail agus a fhágáil lasmuigh in áit shlán shábháilte le fuarú.
- Úsáid garda le haghaidh na spréach le do chuid fearas téimh.
Sábháilteacht ar an láithreán
- Cinntigh go bhfuil druil dóiteáin nó gnáthamh sábháilteachta ag do láithreán chomh maith le bealach le fios a chur ar na seirbhísí sábháilteachta.
- Faigh amach cá bhfuil an trealamh comhraicthe dóiteáin atá ar fáil agus bíodh a fhios agat conas é a fheidhmiú.
- Páircéail carbháin agus tithe soghluaiste 6 mhéadar amach óna chéile ar a laghad.
- Páirceáil gluaisteáin achar maith amach ó charbháin agus ó thithe soghluaiste.
- Ná stóráil peitreal, díosal nó coimeádáin gháis faoi bhun do charbháin nó do thigh shoghluaiste.
- Cuir coimeádáin fholmha in áit shábháilte nó i stóras oiriúnach amach ó charbháin agus ó fheithiclí agus amach ó aon fhoinse teasa.
- Ná bíodh bruscar á charnadh suas timpeall ar charbhán riamh. Is guais dóiteáin é.
Foilseacháin agus Cáipéisí
- Sábháilteacht Dóiteáin Sa Teach - leabhrán (pdf, 6,392 kb)
- Sábháilteacht Dóiteáin sa Teach (pdf, 790 kb)
- Sábháilteacht Dóiteáin in Árasáin (pdf, 902 kb)
- Aláraim Deataigh/Teasa (pdf, 431 kb)
- Sábháilteacht Dóiteáin i gCarbháin (pdf, 763 kb)
- Sábháilteacht Dóiteáin do Sheandaoine (pdf, 557 kb)
- foilsiúcháin breise



