Skip to main content

Riarachán Rialtais Áitiúil


Déanann an Roinn maoirseacht ar mar a fheidhmítear an córas rialtais áitiúil agus cuireann polasaithe i ngníomh i ndáil le struchtúir, feidhmeanna, acmhainní daonna agus airgeadú an rialtais áitiúil. Tá an rialtas áitiúil in Éirinn comhdhéanta de roinnt údarás áitiúil agus réigiúnach ar thrí leibhéal:

Is iad na húdaráis seo ná:

  • ar leibhéal contae/cathrach: 29 gComhairle Contae, 5 Chomhairle Cathrach, 5 Chomhairle Buirge agus 75 Chomhairle Baile
  • ar leibhéal réigiúnach: comhordaíonn 8 nÚdarás Réigiúnacha roinnt de na gníomhaíochtaí contae/cathrach agus fochontae; imríonn siad ról monatóireachta i ndáil le húsáid cistí struchtúracha an AE;
  • bunaíodh dhá údarás réigiúnacha, ar a dtugtar Tionóil réigiúnacha, i mí Iúil 1999 faoi struchtúir nua le haghaidh réigiúnúcháin. Cuireann siad comhordú an tsoláthair sheirbhísí poiblí chun cinn ina limistéir, bainistíonn siad cláir nua oibriúcháin réigiúnacha sa chéad Chreatlach Tacaíochta Pobail eile agus déanann siad monatóireacht ar thionchar ginearálta gach clár cúnaimh an AE faoin gCTP.


Mar gheall ar an ról a imríonn údaráis áitiúla, raon na gcúrsaí a mbíonn siad freagrach astu agus a chóngaraí is a bhíonn siad do phobail áitiúla, bíonn éifeacht níos láithrí ag an rialtas áitiúil ar shaol laethúil na ndaoine ná mar a bhíonn ag formhór na n-earnálacha eile den riarachán poiblí. Ach bíonn an rialtas áitiúil difriúil le gníomhaireachtaí eile na hearnála poiblí. Toghtar go daonlathach é. Seachas Dáil Éireann agus an tUachtaránacht, is é an t-aon institiúid eile é a mbíonn a comhaltaí á dtoghadh ag cách go díreach. Tá ról ionadaíochta agus oibriúcháin ag an rialtas áitiúil mar sin, le freagracht as raon seirbhísí.

Is é an chomhairle thofa an chraobh déanta polasaithe den údarás áitiúil, a ghníomhaíonn trí rud ar a dtugtar ‘feidhmeanna forchoimeádta’. Sainmhínítear feidhmeanna forchoimeádta leis an dlí agus sonraítear iad trasna raoin iomláin achtachán. Cinntí maidir le cúrsaí tábhachtachta ó thaobh polasaithe agus airgeadais a bhíonn i gceist leo seo go príomha (m.sh. buiséad bliantúil, plean forbartha, fodhlíthe a ghlacadh). Déantar bainistíocht laethúil an údaráis áitiúil, lena n-áirítear cúrsaí foirne, a dhílsiú i bpríomhfheidhmeannach lánaimseartha – ar a dtugtar an bainisteoir contae nó cathrach. Comhlíonann an bainisteoir agus/nó baill foirne, a ndéantar feidhmeanna a tharmligean dóibh, rud ar a dtugtar ‘feidhmeanna feidhmiúcháin’ – is éard a bhíonn i gceist leo seo go héifeachtach ná an t-údarás a rith ó lá go lá faoi chuimsiú pharaiméadair na bpolasaithe de réir mar a chinneann an chomhairle iad. Meastar gur feidhm fheidhmiúcháin aon fheidhm de chuid údaráis áitiúil nach sainmhínítear sa dlí mar fheidhm fhorchoimeádta. Bíonn carachtar dlíthiúil údaráis áitiúil comhdhéanta de dhá eilimint mar sin, comhairle thofa an údaráis agus an bainisteoir, agus bíonn an fhreagracht as feidhmeanna an údaráis áitiúil a fheidhmiú roinnte eatarthu. De réir an dlí áfach, feidhmítear gach feidhm thar ceann an údaráis áitiúil, cibé an é an chomhairle thofa nó an bainisteoir contae/cathrach a fheidhmíonn iad. 


Faisnéis Bhreise

Le do thoil bain usáid as an nasc Béarla chun tuilleadh eolais a fháil.

  • Príontáil

Foilseacháin agus Cáipéisí

Nuacht agus Óráidí

Reachtaiocht