Fógraíonn an tAire Pádraig TD, íocaíocht de os cionn €39,000 i ndeontais faoin Scéim nua Foláirimh do Sheanóirí
13/10/10
Preaseisiúint 13 Deireadh Fómhair 2010
Fógraíonn an tAire Pádraig Ó Ciardha TD, íocaíocht de os cionn €39,000 i ndeontais faoin Scéim nua Foláirimh do Sheanóirí
Tá Pádraig Ó Ciardha T.D., Aire ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, tar éis maoiniú de bhreis is €39,000 a fhógairt le haghaidh 24 grúpa pobail agus deonach eile faoin Scéim nua Foláirimh do Sheanóirí. I gcomhar leis an Scéim Tacaíochta do Dhaoine Scothaosta a bhí ann roimhe seo, tá os cionn €1.5m ceadaithe faoi na scéimeanna i mbliana agus cistí á bhfáil ag 385 grúpa.
Ag fógairt dó an mhaoinithe dúirt an tAire Carey:
"Is cúis áthais dom a rá go dtugann sé seo go 4,909 líon na ndaoine scothaosta atá ag baint leasa as an Scéim i mbliana. Tá éiteas na Scéime Foláirimh do Sheanóirí lárnaithe ar an bpáirt leanúnach a ghlactar le seanóirí laistigh dár bpobail agus ní mór dom mo bhuíochas a chur in iúl do na h-eagraíochtaí áitiúla maidir le gníomhaíocht pobail a chur chun cinn agus a chothú ag an leibhéal áitiúil. Cuirfidh an trealamh maoinithe ar chumas na seanóirí leanúint ar aghaidh ag maireachtaint slán sa bhaile le féinmhuinín, neamhspleáchas agus suaimhneas intinne.”
Cuireann an Scéim nua maoiniú ar fáil i dtreo an chostais a bhaineann le trealamh slándála agus sábháilteachta a sholáthair agus a shuiteáil, córais phearsanta foláirimh a ndéantar monatóireacht orthu san áireamh. Cuirtear deontas tacaíochta ar fáil trí eagraíochtaí pobail, deonacha agus seachbhrabúsacha cláraithe leis an Roinn. Tá deontas tacaíochta ar fáil do dhaoine atá 65 agus os a chionn, ar acmhainní teoranta agus ina gcónaí ina n-aonar nó le daoine eile atá incháilithe.
Tá liosta iomlán na dtairbhithe agus breis eolais ar Scéim Foláirimh do Sheanóirí le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag www.pobail.ie.
Issued by the Press & Information Office of the Dept. of Community, Equality and Gaeltacht Affairs
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.
Tel/Teil: 01 647 3130 Fax/Facs: 01 6473215
Email / Ríomhphost: eolas@pobail.ie Web/Gréasán: www.pobail.ie
Foilseacháin agus Cáipéisí
- Foláireamh na Seanóirí - Leabhrán Eolais (pdf, 1,257 kb)
- Foláireamh na Seanóirí - Foirm Chlárúcháin do Ghrúpa Iarrtais (pdf, 81 kb)
- Foláireamh na Seanóirí - Téarmaí agus Coinníollacha (pdf, 19 kb)
- Foláireamh na Seanóirí - Sampla fo Foirm Iarrtais (pdf, 653 kb)
- Foláireamh na Seanóirí - Leibhéil Deontais (pdf, 21 kb)
- An Méid Maoinithe Íocta do Ghrupaí faoi Foláireamh na Seanóirí (xls, 341 kb)
- Sonraí Teagmhála Ghrúpaí Cláraithe Fholáireamh na Seanóirí (xls, 433 kb)
- An Scéim Tacaíochta Pobail do Dhaoine Acothaosta - Íocta do Ghrupaí 2004-2010 (xls, 416 kb)
- foilsiúcháin breise
Nuacht agus Óráidí
- : Fógraíonn an tAire Ó Ciardha íocaíocht de os cionn €165,000 i ndeontais faoin Scéim nua Foláirimh do Sheanóirí
- 13/10/10: Fógraíonn an tAire Pádraig TD, íocaíocht de os cionn €39,000 i ndeontais faoin Scéim nua Foláirimh do Sheanóirí
- Preas/Meáin



