Skip to main content

Seandálaíocht- Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta


Newgrange Imríonn an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta (SSN) ról buntábhachtach maidir leis an oidhreacht seandálaíochta a chosaint.

Bíonn an tSSN freagrach as:

  • séadchomharthaí a aithint agus a ainmniú trí Shuirbhé Seandálaíochta na hÉireann (nasc seachtrach),
  • cabhrú le cúram na Séadchomharthaí Náisiúnta (nasc seachtrach) (ó thaobh a ngnéithe seandálaíochta) atá i seilbh nó faoi choimirce an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus a bhíonn á mbainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) (nasc seachtrach),
  • rialuithe maidir le cosaint agus rialáil (lena n-áirítear ceadúnú tochailtí agus treoracha agus toilithe Airí a dhéanamh) a chur i ngníomh faoi na hAchtanna um Shéadchomharthaí Náisiúnta, 
  • ionchur agus comhairle ó thaobh cúrsaí oidhreachta a sholáthar d’údaráis phleanála agus d’údaráis eile a mbíonn lámh acu sna próisis toiliúcháin i leith iarratas pleanála aonair agus iarratas, tionscadal agus pleananna forbartha eile 
  • forálacha reachtaíochta a chur i ngníomh i ndáil le séadchomharthaí agus láithreáin a chosaint. 

 

Faisnéis Bhreise

Le haghaidh faisnéise breise ar an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta, lena n-áirítear treoirlínte, foilseacháin, foirmeacha iarratais ar cheadúnais agus Bunachar inchuardaithe na Láithreán agus na Séadchomharthaí, breathnaigh ar shuíomh idirlín aonfheidhme na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta (nasc seachtrach),

 

Faisnéis Teagmhála

Rphost: nationalmonuments@environ.ie
Teileafón: +353 (0)1 888 2000
Facs: +353 (0)1 888 2689

 

Naisc

  • Príontáil

Foilseacháin agus Cáipéisí

Nuacht agus Óráidí

Reachtaiocht