- Baile
- Oidhreacht
- Beartas um Oidhreacht Thóghta & Ailtireachta
- Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
- Seandálaíocht- Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta
- Seachtain Oidhreachta
- Oidhreacht Dhomhanda
- Próiseas Ainmniúcháin don Liosta Oidhreachta Domhanda
- Liosta Trialach na hÉireann
- Brú na Bóinne
- Sceilg Mhichíl
- Naisc
- Teagmháil
- An Nuacht Oidhreachta Domhanda is déanaí
Próiseas Ainmniúcháin don Liosta Oidhreachta Domhanda
Féachann UNESCO ar shuíomhanna le hairí oidhreachta nádúrtha agus cultúrtha a mheastar go bhfuil ‘Luach Sárchéime Uilíoch’ ag baint leo .i. “a mbaineann suntas cultúrtha agus nádúrtha atá chomh heisceachtúil sin leis go dtarchéimíonn sé teorainneacha náisiúnta chomh maith le tábhacht i gcoitinne do ghlúinte anois agus amach anseo agus go bhfuil caomhantas buan a oidhreachta an-tábhachtach don phobal idirnáisiúnta i gcoitinne”. Ní mór cás mionsonraithe le haghaidh suíomh ainmnithe a ullmhú a bhunaíonn a “luach sárchéime uilíoch”. Caithfear stair aon oibreacha a dhoiciméadú chun a údaracht a bhunú. Ní mór a léiriú go bhfuil Plean Bainistíochta cuimsitheach agus cosaintí reachtaíochta i bhfeidhm don suíomh.
Critéir Luacha Sárchéime Uilíoch
Meastar go mbaineann Luach Sárchéime Uilíoch le háitreabh má shásaíonn sé critéar amháin nó níos mó as deich gcritéar, de réir Chuid 77 den ‘Operational Guidelines for the Implementation of the World Heritage Convention’:
1) a bheith ina fhianaise uathúil de thraidisiún/sibhialtacht chultúrtha a mhaireann nó atá imithe
2) a bheith in shárshaothar d’ardéirim chruthaitheach dhaonna;
3) a thaispeánann idirmhalartú tábhachtach de luachanna daonna, thar ré ama nó laistigh de cheantar cultúrtha den domhan, ar fhorbairtí ailtireachta nó teicneolaíochta, ealaíona séadchomhartha, pleanáil baile nó dearadh tírdhreacha;
4) a bheith ina shampla sárchéime de chineál foirgnimh, emsemble ailtireachta nó teicneolaíochta nó tírdhreach a léiríonn céim shuntasach nó céimeanna suntasacha de stair an duine;
5) a bheith ina shampla sárchéime de lonnaíocht, talamhúsáid nó muirúsáid thraidisiúnta dhaonna a léiríonn cultúr (nó cultúir), nó idirghníomhaíocht dhaonna leis an gcomhshaol, go háirithe agus é leochailleach anois mar thoradh ar thionchar athraithe dochúlaithe;
6) a bhaineann go díreach nó go hinbhraite le heachtraí nó traidisiúin bheo, le smaointe, nó le creidimh, le saothar ealaíonta nó liteartha de shuntas uilíoch. (Measann an Coiste go mba chóir na critéir sin a úsáid i bpáirtíocht le critéir eile)
7) a chuimsíonn feiniméin shárchéime nádúrtha nó ceantair shár-áilleachta nádúrtha agus tábhacht aeistéitiúla;
8) a bheith ina samplaí sárchéime a léiríonn mórchéimeanna de stair an domhain, lena n-áirítear taifead ar shaol, próiséis shuntasacha gheolaíocha i bhforbairt tírghnéithe, nó gnéithe suntasacha geomorfacha nó fiseagrafacha;
9) a bheith ina samplaí sárchéime a léiríonn próisis leanúnacha éiceolaíocha agus bhitheolaíocha in éabhlóid agus i bhforbairt éiceachóras domhanda, fionnuisce, cósta agus muirí agus cumainn phlandaí agus ainmhithe;
10) a chuimsíonn na gnáthóga nádúrtha is tábhachtaí agus is suntasaí le haghaidh caomhnú in-situ éagsúlachta bitheolaíche, lena n-áirítear iad sin a chuimsíonn speicis faoi bhagairt de luach sárchéime uilíoch ó thaobh eolaíochta nó caomhnaithe de.
Iomláine agus /nó údaracht
Chun go measfar luach sárchéime uilíoch a bheith ag baint le háitreabh, ní mór dó coinníollacha ar iomláine agus/nó údaracht a chomhlíonadh de réir an Nara Document on Authenticity. Tá an Chigireacht an-dian maidir leis sin. I gcomhair suíomhanna cultúrtha, bhainfeadh bonn cirt soiléar le bunús neamhspleách le haon ‘idirghabháil’ a dhéanfaí trí, mar shampla, chaomhnú/athchóiriú nó oiriúnú. Ó thaobh cúrsaí nádúir de, i measc na saincheisteanna dóchúla bheadh ionradh tionchair daonna seans, mar shampla forbairt, turasóireacht, truailliú, speiceas andúchasach srl.
Cosaint agus Bainistíocht
Caithfear córais chosanta agus bhainistíochta shásúla a bheith ann chun cosaint áitreabh a chinntiú. Tá caigheáin an-ard de dhíth sa réimse seo. Féachann an Chigireacht go géar ar chreatlach dlithiúil, ainmniú, úinéireacht, ceangaltas acmhainní, fealsúnacht bainistíochta, éifeachtúlacht na mbeart ar an láthair agus rochtain phoiblí.
An Próiseas Inscríbhinne
Tógann an próiseas ainmniúcháin bliain go leith de ghnáth. Is í an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an Páirtí Stáit atá freagrach as suíomhanna a ainmniú go UNESCO don Liosta Oidhreachta Domhanda.
Tar éis chlárú an ainmniúcháin, déanfaidh comhlachtaí comhairleacha measúnú faoi má tá suntas sárchéime uilíoch ag na háitribh ainmnithe nó nach bhfuil. Déantar ainmniúcháin oidhreachta chultúrtha a mheasúnú ag ICOMOS, ainmniúcháin Oidhreachta Nádúrtha ag IUCN (an tAontas Idirnáisiúnta um Chosaint an Nádúir agus Acmhainní Nádúrtha).
Cinneann an Coiste Oidhreachta Domhanda más ceart áitreabh a inscríobh ar an Liosta Oidhreachta Domhanda, arna threorú ag comhlachtaí Comhairleacha. Agus cinneadh á dhéanamh ar inscríbhinn áitreabh ar an Liosta Oidhreachta Domhanda, glacann an Coiste Ráiteas ar an Luach Sárchéime Uilíoch. Is achoimre é sin ar mheasúnú agus ar achtanna mar phríomhthagairt i gcomhair chosaint agus bhainistíocht an áitribh amach anseo.
Foilseacháin agus Cáipéisí
Nuacht agus Óráidí
- 02/11/09: Foilsíonn an tAire Gormley dréacht-Liosta Sealadach na hÉireann um Oidhreacht Domhanda
- Preas/Meáin



