Oidhreacht

Tá feidhmeanna maidir leis an oidhreacht thógtha agus nádúrtha san áireamh i sainchúram na Roinne, rud a a sholáthraíonn sainordú comhshaoil níos iomlánaíche. Tá raon rólanna beartais, rialála, agus oideachais maidir leis seo againn chomh maith le hábhar ár sainchúraim.
Bainistíonn rannán Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne freagrachtaí Stát na hÉireann faoin dlí Náisiúnta agus Eorpach maidir leis an dúlra a chaomhnú. Freagracht ar leith de chuid na SPNF ná Limistéir Chaomhantais Speisialta (LCSeanna), Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LFCSeanna) agus Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (LONeanna) a ainmniú agus a chosaint.
Is í rannóg na Séadchomharthaí Náisiúnta atá freagrach as seandálaíocht. Is í an rannóg um Bheartas Chaomhnú na hOidhreachta agus na hAiltireachta atá freagrach as oidhreacht thógtha – lena n-áirítear Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta NIAH
Seirbhísí do chuairteoirí á mbainistiú ag an Stát.(nasc chuig láithreán gréasáin HeritageIreland)
Ag Dul Thart sa Chuid Seo
Úsáid na naisc ar an taobh clé de do scáileán chun tuilleadh faisnéise faoi thopaicí oidhreachta a fháil. Bíonn Foilseacháin agus Preasráitis a bhaineann leis an topaic atáthar ag breathnú air, ar fáil ar an taobh deas de do scáileán.
Teagmhálacha
- SPNF – natureconservation@environ.ie
- NIAH niah@environ.ie



