Skip to main content

Táille Chónaí Príobháideach Neamhphríomha


Táille Chónaí Príobháideach Neamhphríomha


Leathnaigh an tAcht Rialtais Áitiúil (Táillí) 2009 bonn ioncaim na h-údaráis áitiúil trí cháin ar áiteanna cónaithe neamhphríomha (NPPR) a bhunú. Tá an cáin leagtha ar €200 le áit chónaithe, agus ghearran agus chruiníonn na h-údaráis áitiúil é.

Chruthaítear an tAcht Rialtais Áitiúil (Táillí) 2009 le túsphointe dliteanas uilíoch ar an áit cónaithe mar gheall leis an cáin. Leanann sé ar aghaidh chun cor-foirgneamh agus cor-dhaoine a shaoradh ón cáin seo; is é nuair atá an úinéir ina chónaí mar príomh-sheoladh sa foirgneamh ar an dáta dlíteanais an príomh-saoirseacht.

Is féidir an cáin a fheiceáil mar saghas féin-cháinmheas, mar is é freagracht an úinéir an mhaon chónaithe, sa chéad chéim, léiriú má tá dliteanas orthu.

Éiríonn an dliteanas gach bhlian ar phoínte in am darbh ainm an dáta dliteanas. Leagtar síos an dáta dliteanas ar an 31ú Marta gach bhliain. Caithtear an íocaíocht a dheanamh dha mhí tar éis an dáta dliteanas, agus tá mí amháin eile ann mar tréimhse cairde sula thosaítear pionóis airgead a ghearradh. Tá ag an duine ar a leagann an dliteanas, mar sin, go dtí an 30ú Meitheamh gach bhliain é a íocadh roimh pionóis airgead a thabhú. Forálann an t-Acht le táille 20 euro ar íocaíocht dhéanach i leith gach mí a bhfanann an táille neamhíochta.

Glactear íocaíocht ar leith aoin údarás áitiúil ar an suíomh idirlín nppr (nasc seachtrach), a thógadh agus a dhearadh an Bord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil. Glactear freisin íocaíocht go háitiúil in oifigí na rialtais áitiúil. Tá breis eolais ar fáil faoin cáin ar suíomh idirlín nppr (nasc seachtrach)