Skip to main content

TithĂ­ocht Dheonach & ComharthithĂ­ocht


Tithíocht Dheonach & Comharthithíocht


Maoinítear soláthar tithíochta sóisialta ó chomhlachtaí tithíochta deonacha faofa agus ó chomhar-thithíochtaí faofa faoin Scéim Chúnamh Caipiti. Chun cáiliú do mhaoiniú faoin scéim ní mór do chomhlacht tithíoctha stádas faofa a fháil ón Roinn. Déanann údaráis áitiúla an scéim a riaradh agus cuireann cóiríocht shóisialta ar cíos ar fáil do ghnáthriachtanais teaghlaigh agus do dhaoine le sainchatagóirí riachtanais.


Scéim Chúnamh Caipitil


Maoinítear an soláthar tithíochta do dhaoine le sainchatagóirí riachtanais nó sciath-thithíocht faoin Scéim Chúnamh Caipitil (CAS) den chuid is mó. Faoin scéim seo, atá i bhfeidhm ó 1984, is féidir maoiniú de suas le 100% de chostas faofa tionscadail a chur ar fáil faoi théarmaí na scéimeanna i gcásanna ina dtógtar na tionóntachtaí ionchasacha uile ó liosta feithimh tithíochta an údaráis áitiúil. I gcás go gcoinníonn na comhlachtaí faofa 25% de chearta ainmniúchan tionóntachta, bionn suas le 95% de chostas faofa tionscadail ar fáil. Déanann an comhlacht tithíochta faofa leithdháiltí i gcomhairle leis an údarás áitiúil. Ach is féidir 25% de thionóntachtaí a leithdháileadh ar eisimircigh aosta atá ag filleadh a bhaintear ó liosta de dhaoine a ndearna an eagraíocht Safe Home measúnú orthu go raibh gá acu le tithíocht. Déanann Safe Home measúnú ar iarratais ar thíthíocht o eisimircigh dá leithéid. Déantar maoiniú do thionscadail trí dheontas ón Roinn seo don údarás áitiúil a chuireann an maoiniú ar fáil don chomhlacht tithíochta faofa cuí i bhfoirm morgáiste 30 bliain. Déantar na muirir iasachta a tharscaoileadh má chomlíontar téarmaí na scéime.


Scéim Deontais Saoráidí Pobail (CAS)


Ceadaíonn téarmaí CAS do sholáthar saoráide pobail i dtionscadail a ngabhtar de láimh faoin scéim. Tá fáil ar mhaoiniú breise, bunaithe ar mhéid socraithe do gach aonad de chóiriocht chónaithe a chuirtear ar fáil sa scéim, do sholáthar saoráidí dá leithéid. Cuirtear maoiniú don scéim seo ar fáil trí dheontas ón gCrannchur Náisiúnta.


Meamram ar Scéimeanna Mhaoiniú Caipitil do Sholáthar Cóiríochta ar Cíos ag Comhlachtaí Tithíochta Faofa (VHU2/02)

 

Cuireann an meamram mínitheach seo eolas agus treoir ar fáil faoi na scéimeanna uile. 

Memorandum on Capital Funding for Provision of Rental Accommodation by Approved Housing Bodies (VHU2/02) (pdf, 339kb)



Naisc Úsáideacha

  • Príontáil

Foilseacháin agus Cáipéisí

Nuacht agus Óráidí

Reachtaiocht