- Baile
- Forbairt agus Tithíocht
- Caighdeáin Tógála
- Tithíocht
- Polasaithe Tithíochta
- Úinéireacht Tithíochta
- Títhíocht Phríobháideach ar Cíos
- Tacaíocht Tithíochta Sóisialta
- Riachtanais Speisialta
- Daoine gan Dídean
- An Lucht Siúil
- Iarrthóirí Tearmainn
- Daoine Breacaosta
- Deontais Tithíochta & Cúnamh Airgeadais
- Muirear Teaghlaigh
- Táille Chonaí Príobháideach Neamhphríomha
- Comhairliúchán Pobal
- Staitisticí Tithíochta
- Pleanáil / Forbairt
Daoine Breacaosta
Cúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta
Tá an Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta ar fáil chun cuidiú le daoine scothaosta deisiúcháin nó feabhsúcháin riachtanacha a chur i bhfeidhm ina gcuid tithe. Is é 10,500 euro an t-uasdeontas éifeachtach faoin scéim a bhféadfadh suas le 100% de chostas na hoibre a chlúdach.
Q. Cé hiad na daoine ar féidir leo cur isteach air?
A. Daoine scothaosta, breis agus 60 bliain slánaithe acu de ghnáth, a dteastaíonn deisciúcháin nó feabhsúcháin uathu ar a dtithe.
Q. An bhfuil tástáil acmhainne i gceist?
A. Tá. Déanfar iarratasóirí a mheas ar bhonn a n-acmhainní teaghlaigh. Féadfaidh an deontas uasta éifeachtach 10,500 euro, a chlúdódh suas le 100% de chostas na n-oibreacha, a bheith ar fáil ag iarratasóirí a bhfuil ollioncaim teaghlaigh suas le 30,000 euro in aghaidh na bliana acu, uaidh sin síos go 30% d’iarratasóirí a bhfuil ollioncaim teaghlaigh idir 54,001 euro go 65,000 euro in aghaidh na bliana acu. Beidh feidhm leis an tástáil acmhainne chéanna i ngach ceantar údaráis áitiúil.
Q. Cén cineál oibre is ceadmhach ?
A. Féadfaidh na cineálacha oibre a cheadaítear faoin scéim a bheith éagsúil agus d’fhéadfadh go mbeadh deisiúcháin nó feabhsúcháin struchtúracha san áireamh; sreangú leictreach a athsholáthar; tirimlíneáil; deisiúcháin nó athsholáthar fuinneoga agus doirse; soláthar seirbhísí teas lárnaigh, uisce agus sláintíochta; glanadh ar conradh; péinteáil agus oibreacha feabhsúcháin radóin.
Q. Cén chaoi a gcuirfidh mé isteach air?
A. Déan teagmháil leis an Rannóg Deontas Tithíochta de d’údarás áitiúil.
An Tascfhórsa ar Chúnamh Tithíochta Speisialta do Dhaoine Scothaosta
Bunaíodh an Tascfhórsa ar Chúnamh Tithíochta Speisialta do Dhaoine Scothaosta i 1982 le clár éigeandála a chur i gcrích chun coinníollacha tithíochta daoine scothaosta a bhí ina gcónaí leo féin i gcóiríocht mhí-oiriúnach nó mhíshláintíoch, a fheabhsú. Áirítear ar an Tascfhórsa ionadaithe ó Chumann Naomh Uinseann de Pól, FÁS, A.L.O.N.E., Údaráis Áitiúla agus na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus Leanaí agus Gnóthaí Sóisialach agus Teaghlaigh. Is iad na Ranna Cúraim Phobail d’Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte a fheidhmíonn an scéim ar an talamh agus déantar an obair ar conradh nó trí Scéimeanna de chuid FÁS a úsáid.
Foilseacháin agus Cáipéisí
- Ráiteas Beartais Tithíochta (Meitheamh 2011) (pdf, 269 kb)
- An Straitéis Náisiúnta Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas (2011-2016) (pdf, 1,159 kb)
- Tithe Baile Seachadadh, Pobail a Chothabháil - Ráiteas ar Pholasaí Tithíocha (pdf, 561 kb)
- Tithe Baile Seachadadh, Pobail a Chothabháil - Achoimre (pdf, 484 kb)
- Frámaíocht um Pholosaí Tithíochta - Cruthú Pobal Inmharthana (pdf, 383 kb)
- Sceim Coiriochta ar Cios (RAS) - Eolas do Thiarnaí Talún (Soláthróirí agus Gníomhairí Cóiríochta (pdf, 48 kb)
- foilsiúcháin breise



