Saoráil Faisnéise Ginearálta
- an ceart chun teacht ar thaifid oifigiúla arna gcruthú tar éis 21 Aibreán 1998 atá á gcoinneáil ag Ranna Rialtais nó ag comhlachtaí poiblí eile faoi réir ag an Acht;
- an ceart go gceartófaí nó go dtabharfaí cothrom le dáta, mionsonraí pearsanta ar thaifid oifigiúla sa chás go bhfuil faisnéis den sórt sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus
- an ceart go dtabharfar na cúiseanna le cinní arna ndéanamh ag comhlachtaí poiblí a théann i bhfeidhm ar an iarrthóir.
Faisnéis Ghinearálta maidir le Saoráil Faisnéise
An féidir liom teacht ar aon fhaisnéis atá á lorg agam?
An ngearrtar táille as faisnéis a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?
Conas a dhéanfaidh mé iarratas um Shaoráil Faisnéise?
Cúnamh le hiarratais a dhéanamh
Céard is féidir liom a dhéanamh mura mbím sásta le cinneadh i leith m'iarratais?
An gá dom iarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh chun faisnéis a fháil ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais áitiúil (RCORÁ)
Met Éireann
Grúpa Fíoraithe Feidhmíochta faoi scáth na RCORÁ atá faoi réir ag an Acht um Shaoráil Faisnéise
Comhlachtaí Stáit faoi scáth na RCORÁ atá faoi réir ag Saoráil Faisnéise
Faisnéis Ghinearálta maidir le Saoráil Faisnéise
Tugtar cearta dlíthiúla le SF le teacht ar thaifid arna gcoinneáil ag comhlachtaí poiblí. Ní bhíonn aon teorainn ama i gceist go ginearálta i gcás faisnéise pearsanta faoin iarrthóir. Baineann an ceart chun rochtana i gcásanna eile le taifid arna gcruthú ó tháinig tosach feidhme leis an Acht an 21 Aibreán, 1998 (cé go bhféadfar rochtain a thabhairt ar thaifid arna gcruthú roimh an dáta seo sa chás go mbíonn siad riachtanach chun taifid arna gcruthú tar éis an dáta seo, a thuiscint). Ní mór iarratais ar fhaisnéis faoi Alt 7 de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise Acts 1997 – 2003 a dhéanamh i scríbhinn.
Faoi mar atá ráite thuas, tugtar cearta le SF go gceartófaí mionsonraí pearsanta neamhiomlána, míchearta nó míthreoracha arna gcoinneáil ag an gcomhlacht poiblí (Alt 17) agus leis na cúiseanna a fháil agus a bhí le gníomh arna dhéanamh ag an gcomhlacht poiblí a théann i bhfeidhm ar an té a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh acu. (Alt 18).
De réir an cheangail atá ar an Roinn leis an Acht, tá leabhair thagartha táirgthe ag an RCORÁ chun cabhrú leis an bpobal agus nósanna imeachta um SF á n-úsáid.
Tá an chéad cheann de na leabhair thagartha seo - Leabhar Tagartha Alt 15 um SF, ina threoir maidir le feidhmeanna agus taifid na Roinne.
Tugtar mionsonraí ar rialacha agus ar chleachtais na Roinne i ndáil le haon chinní arna ndéanamh faoi scéimeanna a théann i bhfeidhm ar an bpobal sa dara leabhar tagartha – Leabhar Tagartha Alt 16 um SF. Bíonn cóipeanna de na leabhair thagartha seo ar fáil ach iad a iarraidh ón: Oifigeach Eolais, Aonad um Fhaisnéis Chéannachta,Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Bóthair an Bhaile Nua, Loch Garman. Rphost: foi@environ.ie Fón: 053 911 7327 (Paul Bonnington)
An féidir liom teacht ar aon fhaisnéis atá á lorg agam?
Tagann na taifid seo a leanas faoi chuimsiú scóp an Acht um Shaoráil Faisnéise:
- gach taifead a bhaineann le faisnéis phearsanta an iarrthóra cuma cathain ar cruthaíodh iad
- gach taifead eile arna chruthú ó tháinig tosach feidhme leis an Acht um SF (21 Aibreán, 1998)
- aon taifid atá riachtanach go dtuigfí taifead reatha fiú má cruthaíodh iad roimh 21 Aibreán 1998
Féadfar aon taifid arna gcoinneáil ag an Roinn agus a thagann faoi chuimsiú na gcatagóirí seo a lorg faoin Acht. Ionas go mbeidh sé ar chumas comhlachtaí poiblí a gcuid gnó a dhéanamh i gceart agus chun cearta tríú páirtithe a chosaint áfach, tá taifid áirithe díolmhaithe óna bheith scaoilte faoin Acht. Cibé an bhfeidhmeofar díolúine, braitheann sin, i gcuid mhaith cásanna, ar an gceist seo – arbh fhearr mar a dhéanfaí seirbhís don phobal tríd an bhfaisnéis a scaoileadh nó an fhaisnéis a choinneáil. Tá taifid a bhaineann leis na nithe seo a leanas i measc na bpríomhdhíolúiní:
- Cruinnithe Rialtais
- próisis bhreithniúcháin an chomhlachta poiblí
- ceisteanna parlaiminte agus cúirte
- forfheidhmiú an dlí agus sábháilteacht phoiblí
- slándáil, cosaint agus caidrimh idirnáisiúnta
- faisnéis faoi rún agus faisnéis íogair tráchtála
- faisnéis phearsanta (seachas faisnéis phearsanta a bhaineann leis an té a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh acu.
TABHAIR FAOI DEARA GO BHFUIL SÉ INA BHEARTAS AG AN ROINN IARRATAIS UM S.F. A FHOILSIÚ AR AN LÁITHREÁN IDIRLÍN SEO.
An ngearrtar táille as faisnéis a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?
Ní ghearrtar aon táille ar iarratais ar fhaisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarrthóir. Sa chás gurb iarratais ar fhaisnéis neamhphearsanta atá i gceist, gearrtar táille iarratais €15, nó €10 i gcás duine a bhfuil cárta leighis ina seilbh acu (nó cleithiúnaí sealbhóra cárta leighis). Féadfar táillí breise a ghearradh freisin as an am a chaitear le taifid a fháil (€20.95 in aghaidh na huaire) agus as aon chostais fhótachóipeála (4 cent an bhileog). Ní dócha ar chór ar bith go bhfeidhmeofaí táillí den sórt sin i gcás faisnéise pearsanta a bhaineann leis an iarrthóir.
Ní ghearrtar aon táille ar iarratais go gceartófar faisnéis phearsanta neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach nó ar iarratais go bhfaighfear na cúiseanna le gníomhartha an chomhlachta poiblí a théann i bhfeidhm ar an té a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh acu.
Conas a dhéanfaidh mé iarratas um Shaoráil Faisnéise?
Ní mór iarratas ar fhaisnéis faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn agus ba chóir go dtabharfaí le fios ann go bhfuil an fhaisnéis á lorg faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir go mbeadh an t-iarratas sách soiléir freisin go mbeimid in ann na taifid atá á lorg a aithint. Mura mbímid soiléir maidir leis na taifid atá á lorg rachaimid i dteagmháil leat le soiléiriú a lorg.
Más mian leat teacht ar na taifid i gcruth ar leith (m.sh. na taifid, fótachóipeanna, diosca ríomhaire srl. a scrúdú) ba chóir duit sin a shonrú san iarratas.
Féadfar iarratais a dhéanamh i scríbhinn ar an bpost chuig
Oifigeach Eolais
Aonad um Fhaisnéis Chéannachta,
Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil,
Bóthair an Bhaile Nua,
Loch Garman
Ba chóir an táille cuí .i. €15 nó €10 i gcás duine arna chlúdach ag cárta leighis, a chur in éineacht le hiarratais ar fhaisnéis (seachas ar fhaisnéis phearsanta faoin iarrthóir). I gcás iarrthóirí arna gclúdach ag cártaí leighis, ba chóir mionsonraí uimhir chlárúcháin an chárta leighis agus an bhoird sláinte a d'eisigh é, in éineacht le ráiteas á lua go dtoilíonn tú go bhfíoróimís na mionsonraí seo leis an mbord sláinte ábhartha, a chur isteach leis an iarratas.
Ní thosófar ar iarratas um SF a phróiseáil go dtí go bhfaighfear an táille cuí.
Féadfar táillí breise a bheith infheidhme i leith d'iarratais as faisnéis a chuardach agus a fháil (€20.95 in aghaidh na huaire) agus a fhótachóipeáil (€0.04 an bhileog ). Ní dócha ar chor ar bith go bhfeidhmeofaí táille breise i leith iarratas ar fhaisnéis phearsanta.
Féadfar iarratais a dhéanamh ar an ríomhphost freisin chuig foi@environ.ie. Má tá iarratas déanta agat ar an ríomhphost agus má bhíonn táille iarratais iníoctha i do chás (.i. tá d'iarratas le haghaidh fáisnéise neamhphearsanta) cuir cóip de do ríomhlitir isteach le do thoil agus do tháille á chur ar aghaidh agat.
Cuirfear an cinneadh i leith d'iarratais in iúl duit faoi cheann 4 seachtaine tar éis an t-iarratas bheith faighte de ghnáth.
Cúnamh le hiarratais a dhéanamh
Tugtar faisnéis ar chineál na dtaifead arna gcoinneáil ag an Roinn inár Leabhar Tagartha Alt 15 um SF. Má bhíonn deacracht agat na taifid atá riachtanach a ainmniú, beidh foireann an Aonaid um SF breá sásta cuidiú leat. Is féidir dul i dteagmháil leis an Aonad um Fhaisnéis Chéannachta le teileafón ag 053 911 7326 (Matt McLoughlin) nó 053 911 7327 (Paul Bonnington) nó ríomhphost ag (foi@environ.ie).
Céard is féidir liom a dhéanamh mura mbím sásta le cinneadh i leith m'iarratais?
Má bhíonn tú míshásta le cinneadh na Roinne maidir le hiarratais um SF, is féidir leat athbhreithniú inmheánach a lorg ar an gcinneadh. Is éard is athbhreithniú inmheánach ann ná ath-bhreithniú iomlán ar d'iarratas ag ball foirne níos sinsearaí sa Roinn. Ba chóir iarratais ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh i scríbhinn chuig an Aonad um SF.
Gearrtar táille iarratais €75, (€25 d'iarrthóirí arna gclúdach ag cártaí leighis), ar iarratais go ndéanfaí athbhreithniú inmheánach ar iarratais um SF. Ní ghearrtar aon táille ar iarratas go ndéanfaí athbhreithniú inmheánach ar chinneadh a bhaineann le faisnéis phearsanta an iarrthóra nó ar iarratas go ndéanfaí athbhreithniú inmheánach ar chinneadh go ngearrfar táillí.
Má bhíonn tú míshásta leis an gcinneadh arna dhéanamh ag an athbhreithnitheoir inmheánach, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise, a bhfuil a chuid sonraí teagmhála mar seo a leanas:
Oifig an Choimisinéara Faisnéise,
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2
Fón: (01) 6395689 nó 1890 223030, Faics (01) 6395676
rphost:info@oic.ie
Gearrtar táille iarratais €150 (€50 d'iarratais arna gclúdach ag cártaí leighis) chun iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise go ndéanfaí athbhreithniú. Ní ghearrtar aon táille ar iarratas chuig an gCoimisinéir Faisnéise go ndéanfaí athbhreithniú ar chinneadh de thoradh athbhreithnithe inmheánaigh a bhaineann le faisnéis phearsanta an iarrthóra nó le cinneadh le táillí a ghearradh.
An gá dom iarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh chun faisnéis a fháil ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais áitiúil (RCORÁ)
Ní gá. Ní gá iarratas um SF a dhéanamh chun faisnéis a fháil ón Roinn. Cuirtear cuid mhaith ábhair ar fáil don phobal cheana féin trí bhileoga faisnéise, Uisce agus Oidhreacht Nádúrtha Foilseacháin um Bhóithre, Foilseacháin an Rialtais Áitiúil, Foilseacháin um Thithíocht, Foilseacháin Chomhshaoil – Cuid 1Foilseacháin Chomhshaoil – Cuid 2,Foilseacháin Oidhreachta agus Phleanála – Cuid 1Foilseacháin Oidhreachta agus Phleanála – Cuid 1,Foilseacháin um Sheirbhísí Corparáideacha agus mar fhreagairt ar fhiosrúcháin. Leagtar pointí teagmhála le haghaidh faisnéise ar sheirbhísí arna soláthar ag an Roinn amach inár Leabhar Tagartha Alt 16 um SF. Soláthraíonn Saoráil Faisnéise foinse bhreise faisnéise trína bheith ag éascú le daoine teacht ar thaifid nach gcuirtear ar fáil mar chuid den ghnáthamh.
Met Éireann
Tá Met Éireann faoi scáth na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúíl agus faoi réir na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003. Tá níos mó eolas le fáil ag:
Met Éireann
Cnoc Glasnaíon, Baile átha Cliath 9
Teileafón: 01-8064246
Oifigeach Shaoráil Faisnéise: Joe Bourke
Seoladh Rphoist: joe.bourke@met.ie
Grúpa Fíoraithe Feidhmíochta faoi scáth na RCORÁ atá faoi réir ag an Acht um Shaoráil Faisnéise Grúpa Shaoráil Faisnéise
Tá an Grúpa Fíoraithe Feidhmíochta faoi scáth na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoi réir ag na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997-2003. Is iad na sonraí teagmhála don ghrúpa seo ná:
Grúpa Fíoraithe Feidhmíochta – Earnáil Rialtais Áitiúil
F/c An Bord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil,2ú Úrlar, Teach Cumberland, Sraid na bhFiníní, Baile Átha Cliath 2. Teileafón: 01-6099560
Oifigeach Shaoráil Faisnéise: Chris Gavigan
Seoladh Rphoist: cgavigan@lgmsb.ie
Comhlachtaí Stáit faoi scáth na RCORÁ atá faoi réir ag Saoráil Faisnéise
Tá 15 gcinn de chomhlachtaí stáit faoi scáth na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoi réir ag na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997-2003. Is iad na sonraí teagmhála do na comhlachtaí seo ná:
An Binse Cíosa
Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1.
Teileafón:01-8882309
Oifigeach Shaoráil Faisnéise: Rob Walsh
Seoladh Rphoist: Rob.Walsh@environ.ie
An Bord Pleanála
64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1
Teileafón: 01-8588100
Oifigeach Shaoráil Faisnéise: Bernie Redmond
Seoladh Rphoist: b.redmond@pleanala.ie
An Bord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil
Teach Féinics, 27 Bóthar Conyngham, Baile Átha Cliath 8
Teileafón:01-6457000.
Oifigeach Shaoráil Faisnéise: Martina Kelly
Seoladh Rphoist: mkelly@lgcsb.ie
An Bord um Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúi
l2ú Úrlar, Teach Cumberland, Sraid na bhFiníní, Baile Átha Cliath 2.
Teileafón: 01-6099560
Oifigeach Shaoráil Faisnéise:Sonia Merrifield
Seoladh Rphoist: smerrifield@lgmsb.ie
An Chomhlact Comhairleach um Rialacháin Foirgníocha
Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
Teach an Chustaim Baile Átha Cliath 1
Teileafón:01-8882371
Oifigeach Shaoráil Faisnéise: Aidan Smith
Seoladh Rphoist: aidan.smith@environ.ie
An Chomhairle Leabharlanna,
53-54 Sráid an Mhóta, Uacht.,Baile Átha Cliath 2
Teileafón:01-6761167
Oifigeach Shaoráil Faisnéise:Annette Kelly,
Seoladh Rphoist: akelly@librarycouncil.ie
An Chomhairle Oidhreachta
Teach Rothe,Cill Chainnigh.
Teileafón:056-7770777
Oifigeach Shaoráil Faisnéise: Liam Scott
Seoladh Rphoist: lscott@heritagecouncil.ie
An Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta
"Hatherton", Ascal Richmond Theas, Baile and Mhuilinn, Baile Átha Cliath 6
Teileafón: 01-4979654
Oifigeach Shaoráil Faisnéise: Maria Lynch
Seoladh Rphoist: mlynch@nba.ie
An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Chomhshaoil
Bosca Poist 3000, Eastát Chaisleán Bhaile Sheonach,Co. Loch Garman.
Teileafón:053-9160600
Oifigeach Shaoráil Faisnéise: Majella Byrne
Seoladh Rphoist: m.byrne@epa.ie
An Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch
3 Cearnóg Cluan Sceacha, Bóthar Cluan Sceacha, Baile Átha Cliath 14
Teileafón: 01-2697766
Oifigeach Shaoráil Faisnéise: Barbara Rafferty
Seoladh Rphoist: brafferty@rpii.ie
Sabháilteacht Uisce na hEireann
An Siúlán Fada, Gaillimh.
Teileafón:091-564400
Oifigeach Shaoráil Faisnéise: John Leech
Seoladh Rphoist: iohnleech@iws.ie
Có-Oibreacht Tithe so-cheannaithe
4ú Urlar, Teach WorldCom, Sráid Erne Íochtarach, Baile Átha Cliath 2
Teileafón:01-6564115
Oifigeach Shaoráil Faisnéise: Ciara Galvin
Seoladh Rphoist: ciara.galvin@affordablehomespartnership.ie
Comhairle na Seirbhísí Dóiteáin
Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Seomra G74, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1
Teileafón:01-8744760
Oifigeach Shaoráil Faisnéise: Liam Munroe
Seoladh Rphoist: liam_munroe@environ.ie
Gníomhaireacht Airgeadais Tithíochta
Teach Eden, 15-17 Cé Eden,Baile Átha Cliath 1
Teileafón:01-8725722
Oifigeach Shaoráil Faisnéise: Barry O' Leary
Seoladh Rphoist: boleary@hfa.ie
Urdarás Forbartha Dubthailte Bhaile Átha Cliath
Cé An Ridire John Rogerson, Baile Átha Cliath 1.
Teileafón: 01-8183300
Oifigeach Shaoráil Faisnéise: Elaine Timpson
Seoladh Rphoist: etimpson@dublindocklands.ie



