Skip to main content

Faisnéis Earnála Poiblí a Ath-úsáid


Ionstraim Reachtúil 279/2005 lena gcuirtear Treoir 2003/98/CE ón AE i ngníomh


Comhlíonann an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil na Rialacháin maidir le hAthúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (http://www.psi.gov.ie/) agus spreagaimid daoine leis an bhfaisnéis a tháirgimid a athúsáid.

Tá an fhaisnéis ar fad atá ar ár suíomh idirlín faoi chóipcheart na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ach amháin sa chás go dtugtar a mhalairt le fios. Féadfaidh tú an fhaisnéis ar an suíomh idirlín seo a athúsáid saor in aisce in aon fhormáid ar bith.

San áireamh le hathúsáid tá: cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú faisnéise go teangacha eile. Clúdaíonn sé taighde agus staidéar neamhthráchtála freisin.

Bíonn athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas. Caithfidh tú:

  • an fhoinse a admháil chomh maith lenár gcóipcheart i gcáis go soláthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile;
  • an fhaisnéis a atháirgeadh go cruinn;
  • gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach a chuirfeadh duine amú;
  • gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha fógraíochta nó chun táirge nó seirbhís áirithe a chur chun cinn agus chun na gcríoch sin amháin;
  • gan an fhaisnéis a úsáid le haghaidh nó chun tacú le cuspóirí mídhleathacha, mímhorálta nó calaoiseacha.


Níl an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoi dhliteanas as aon chaillteanas nó dliteanas a bhaineann leis an athúsáid fhaisnéise agus ní dheimhníonn an Roinn go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta nó saor ó earráidí. Ní údaraíonn an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil d’aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith acu chun a faisnéis a athúsáid.
Coinníonn an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an fhaisnéis seo a leanas ar a suíomh idirlín:

  • Toghcháin
  • Comhshaol
  • Dóiteán & Pleanáil le haghaidh Éigeandálaí
  • Seirbhís Oidhreachta
  • Tithíocht
  • Rialtas Áitiúil
  • Mótarcháin
  • Met Éireann
  • Polasaí Náisiúnta Spásúlachta
  • Bóithre Neamhnáisiúnta
  • Sábháilteacht Núicléach
  • Pleanáil/forbairt
  • Comhpháirtíocht Phoiblí/Phríobháideach
  • Seirbhísí Uisce


Tá faisnéis eile ar sheirbhísí agus scéimeanna ar fáil ó lámhleabhair na Roinne um Shaoráil Fhaisnéise maidir le hAlt 15 agus 16 ó foi@environ.ie 

Naisc le suímh eile na Roinne atá clúdaithe leis an bpolasaí seo freisin:

ENFO http://www.enfo.ie/
Sonraí GIS – Caomhnú an dúlra agus na hoidhreachta foirgnithe http://www.heritagedata.ie/ie/index.html agus http://www.npws.ie/
Met Éireann http://www.met.ie/
Mótarcháin Ar-Líne http://www.motarchain.ie/
Fardal Náisiúnta na hOidhreacht Ailtireachta (NIAH) http://www.buildingsofireland.ie/
Straitéis Náisiúnta Spásúlachta http://irishspatialstrategy.ie/
Rás in aghaidh na Dramhaíola http://www.raceagainstwaste.com/
Bailte Slachtmhara  http://www.tidytowns.ie/ 

Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le faisnéis, a choinníonn comhlachtaí faoi scáth na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, a athúsáid, féach leathanach na nasc ar an suíomh idirlín seo.
 


  • Príontáil

Foilseacháin agus Cáipéisí

Nuacht agus Óráidí

Reachtaiocht