- Baile
- Comhshaol
- Atmaisféar
- Uisce
- Cáilíocht Uisce
- Seirbhísí Uisce
- Clár Infheistíochta i Seirbhísí Uisce
- Athchóiriú ar an Earnáil Uisce
- Méadrú Uisce Tí
- Dramhaíl
- Coinbhinsiún Aarhus
- Radaíocht Chomhshaoil
- Torann
- ENFO
- Athbhreithniú EPA
- Plean Aicsin um Theicneolaíocht Chomhsaoil
- Ceimiceáin
- Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe
- Aonad Thuaidh/Theas
- Clár Áitiúil 21
- Aonad AE agus Idirnásiúnta
- Forbairt Inbhuanaithe
- Dliteanas ó Thaobh an Chomhshaoil
- Pleanála Éigeandála
- Measúnacht Comhshaoil
- Mét Éireann
- UNECE Prótacal maidir le PRTRs
Clár Infheistíochta i Seirbhísí Uisce
Clár infheistíochta na Seirbhísí Uisce
Tionscnamh Talún Seirbhísithe
Tionscnamh Bailte agus Sráidbhailte Tuaithe
Caomhnú Uisce
Cúlra
Tá Clár Infheistíochta na Seirbhísí Uisce níos mó ná an clár infheistíochta seirbhísí uisce eile de chuid na Roinne. Baineann sé le soláthar mórscéimeanna uisce agus fuílluisce (tionscadail os cionn 1 milliún euro) chun príomhchuspóirí comhshaoil agus eacnamaíochta a bhaint amach. Bhí sé ag feidhmiú mar chlár rollta 3 bliana.
An Clár Infheistíochta is Déanaí: Clár infheistíochta na Seirbhísí Uisce 2010 - 2012
Tá an Clár is déanaí ar fáil i gcolún na Foilseachán agus na Cáipéisí ar thaobh na láimhe deise den scáileán. Tá an Clár comhdhéanta de díreach os cionn 130 conradh agus tionscadal caomhnaithe uisce atáthar ina mbun agus a bhfuil luach de thart ar 1 billiún euro acu, thart ar 340 conradh atáthar le thabhairt chun cinn go dtí an chéim tógála thar an tréimhse 2010 – 2012 a bhfuil luach de 1.8 billiún euro acu agus thart ar 190 scéim agus tionscadal comhnaithe uisce ar a leanfaidh obair phleanála ar aghaidh orthu. Ó tharla go bhfuil an aeráid eacnamaíoch athraithe agus an chéad thimthriail de na Pleananna Bainistíochta Abhantraí tugtha chun críche, tá sé mar aidhm ag an gclár nua tosaíocht a thabhairt do na tionscadail a dhírionn ar shaincheisteanna comhlíonta comhshaoil. Tacaíonn sé go hiomlán freisin le fás eacnamaíochta agus fostaíochta mar a leagadh amach i ndoiciméad beartais an Rialtais ‘Building Ireland’s Smart Economy – A Framework for Sustainable Economic Revival’.
Tá an Clár bunaithe den chuid is mó ar Mheasúnú Riachtanas a rinne na hÚdaráis Seirbísí Uisce agus an seachtú ceann i sraith Clár Infheistíochta Seirbhísí Uisce ó 2000. Cuirtear an clár nua i láthair ar bhonn Cheantar Abhantraí chun béim a leagan ar an tábhacht mheádaithe a bhaineann le bainistíocht abhantraí chun na cuspóirí cáilíochta uisce atá leagtha amach faoin Treoir Chreat Uisce de chuid an AE a bhaint amach. Tá an cur chuige seo leagtha amach freisin chun impleachtaí níos leithne na dtograí infheistíochta a shoiléiriú agus chun béim a leagan ar an bhfreagra atá an Clár ag tabhairt ar na tosaíochtaí a aithníodh sa chéad sraith de Phleananna Bainistíochta Abhantraí na hÉireann.
Léiríonn an Clár nua fócas nua ar chonarthaí tosaíochta laistigh de scéimeanna a chur chun cinn. Soláthraíonn sé freisin do mhóiminteam nua sa réimse caomhnaithe uisce, le hinfheistíocht de thart ar 320 milliún euro aitheanta d’athshlánú líonraí amháin - dúblú ar an gcaiteachas sa réimse seo le 7 mbliana anuas – féach thíos.
Tionscnamh Talún Seirbhísithe
Níor leanadh ar agaidh leis an Tionscnamh Talún Seirbhísithe, a bhí ina fho-chlár de na Cláir Infheistíochta Seirbhísí Uisce leantacha i 2009 i bhfianaise na bhforbairtí san eacnamaíocht iomlán, agus sa mhargadh tithíochta ach go háirithe. Tugadh isteach an fo-chlár i 1997 mar bheart chun dul i ngleic le brúnna ar an soláthar tithíochta tríd an bhfáil atá ar talún cónaithe seirbhísithe a mhéadú.
Tionscnamh Bailte agus Sráidbhailte Tuaithe
Glacadh na tionscadail a bhí fágtha faoin Tionscnamh Baile agus Sráidbhailte Tuaithe, a bhí ina fho-chlár de na Cláir Infheistíochta Seirbhísí Uisce leantacha, isteach sa phríomhChlár don tréimhse 2010-2012. Tugadh isteach an fo-chlár i 1999 mar bheart chun aghaidh a thabhairt ar easpaí infrastruchtúir i mbailte beaga tuaithe, chun tacú le forbairt agus chun dul i ngleic le bánú na tuaithe.
Caomhnú Uisce
Chríochnaigh formhór na n-údarás aitiúil, nó tá siad beagnach críochnaithe acu, na chéad céimeanna de bhainistíocht caomhnaithe uisce ina gcuid ceantar – córais bhainistíochta uisce chun rialú sceite gníomhach agus pleanáil níos fearr ar athshlánú an phríomhlíonra a cheadú. Cuireann sé seo ardán ar fáil don chéad chéim eile, a bhaineann le hathshlánú an phríomhlíne, a bhfuil deifir á chur leis i gClár infheistíochta na Seirbhísí Uisce reatha. Aithníodh go gcuirfear tús le tionscadail a bhfuil luach de 321 milliún euro acu thar an tréimhse 2010 – 2012. Ba chóir go gceadódh an leibhéal maoinithe seo d’athshlánú thart ar 640km de phríomhlínte uisce, atá cothrom le beagnach 3% den líonra náisiúnta poiblí. Dírítear maoiniú ach go háirithe ar cheantair ina bhfuil an leibhéal d’uisce nach bhfuil cuntas uirthi ró-ard.
Foilseacháin agus Cáipéisí
- Ábhar Beartaithe de Rialúcháin i dtaca le hOibriúchán agus Cothabháil de Chórais Chóireála Fhuíolluisce Theaghlaigh - Doiciméad Comhairliúcháin (pdf, 42 kb)
- An tAcht um Sheirbhísí Uisce 2007 (pdf, 908 kb)
- foilsiúcháin breise
Nuacht agus Óráidí
- 19/03/13: Ceadaíonn an tAire Hogan maoiniú de bhreis is €5.7 milliún le haghaidh Chéim leasaithe 3 de Thograí Athshlánúcháin Príomhphíobáin Uisce Chomhairle Contae Ros Comáin.
- 04/03/13: Ceadaíonn an tAire cuireadh chun tairisceana d’Oibreacha Cóireála Uisce DTF do Scéimeanna Réigiúnacha Soláthair Uisce na hAirgní, Mhainistir na Búille/Ard Chearnaigh, Ros Comáin Láir agus Ros Comáin Theas.
- 13/02/13: Ceadaíonn Hogan maoiniú chun gur féidir le Comhairle Contae na Gaillimhe oibreacha a dhéanamh faoin gConradh Líonraí de Scéim Soláthair Uisce Réigiúnaigh Costelloe i gContae na Gaillimhe ag costas díreach faoi bhun €2.5 milliún
- 13/02/13: Ceadaíonn an tAire Oibreacha Caomhnaithe Uisce i Luimneach
- Preas/Meáin



