- Baile
- Comhshaol
- Atmaisféar
- Cáilíocht an Aeir
- Athrú Aeráide
- Uisce
- Dramhaíl
- Radaíocht Chomhshaoil
- Torann
- ENFO
- Athbhreithniú EPA
- Plean Aicsin um Theicneolaíocht Chomhsaoil
- Ceimiceáin
- Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe
- Aonad Thuaidh/Theas
- Clár Áitiúil 21
- Aonad AE agus Idirnásiúnta
- Forbairt Inbhuanaithe
- Dliteanas ó Thaobh an Chomhshaoil
- Pleanála Éigeandála
- Comórtas na mBailte Slachtmhara
- Measúnacht Comhshaoil
- Mét Éireann
- UNECE Prótacal maidir le PRTRs
Athrú Aeráide
Aithnítear gurb é an tAthrú Aeráide an fhadhb chomhshaoil domhanda is tromchúisí agus is bagraí dá bhfuil ann. Cé gur gnáthrud athruithe nádúrtha a bheith ag teacht ar an aeráid in imeacht aimsire, tá daoine ag cur leis an athrú aeráide trí mhéideanna substaintiúla de gháis cheaptha teasa a astú. Chun gluaisteáin a rith agus teas a sholáthar dár dtithe cónaithe, dár ngnónna agus dár dtionscail, dóitear breoslaí iontaise amhail peitreal, díosal, ola, gual, móin agus gás. Scaoiltear astúcháin dé-ocsaíde carbóin (CO2 – an príomhghás ceaptha teasa) amach san atmaisféar dá bharr seo. Scaoiltear gáis eile de thoradh gníomhaíochtaí sna hearnálacha talmhaíochta, tionscail agus dramhaíola.
Bíonn roinnt gás ceaptha teasa san atmaisféar go nádúrtha agus bíonn siad riachtanach chun an domhan a choinneáil ag an teocht domhanda a oireann d’éiceachórais agus don saol de réir mar atá siad éabhlóidithe. Tá gáis cheaptha teasa a scaoiltear amach san atmaisféar de bharr ghníomhaíochtaí an duine á gcarnadh suas áfach agus ag gaistiú teasa breise san atmaisféar. Cuireann an t-ardú a thagann dá thoradh ar theocht an Domhain leis an athrú aeráide saorga. Ní meánteochtaí méadaithe nó aimsir níos teo amháin a bhíonn i gceist leis na hathruithe – ciallaíonn siad dálaí aimsire níos cruaidhe agus níos míshocra freisin, níos mó stoirmeacha agus tuilte, níos mó triomaigh agus go gcreimfear limistéir níos fairsinge de chóstaí – agus go mbeidh an aimsir níos teo i gcodanna den domhan chomh maith.
Is féidir na príomhcháipéisí i ndáil leis an athrú aeráide a fheiceáil ar thaobh na láimhe deise den leathanach faoin teideal Foilseacháin agus Cáipéisí. Le haghaidh liosta níos cuimsithí de na foilseacháin agus den reachtaíocht ábhartha, téigh go dtí an réimse den suíomh ar a dtugtar Foilseacháin.
Cúlra
- Fágadh údar imní ag daoine mar gheall ar fhianaise eolaíochta sna 1980óidí agus go luath sna 1990aidí lenar nascadh astúcháin gháis cheaptha teasa ó ghníomhaíochtaí daoine leis an athrú aeráide.
- Creat-Chomhaontú na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide 1992 a glacadh leis an aidhm is go gcoiscfí gníomhaíochtaí contúirteacha a fhágann go gcuireann daoine isteach ar an athrú aeráide. Ní raibh gealltanais, le hastúcháin gháis cheaptha teasa a laghdú, ina gceangal dlí.
- Glacadh Prótacal Kyótó 1997. Foráladh leis go mbainfeadh tíortha tionsclaithe targaidí indibhidiúla amach a bheadh ina gceangal dlí.
- Tháinig Prótacal Kyótó 2005 i bhfeidhm.
Faisnéis Teagmhála:
Ríomhphost: climatechangeinfo@environ.ie
Foilseacháin agus Cáipéisí
- Straitéis Náisiúnta Um Athrú Aeráide 2007-2012 (pdf, 1,886 kb)



