Skip to main content

CV Aire Stáit Finneran


MOS Finneran Photo IrishAire Tithíocht agus Seirbhísí Áitiúil ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus Teachta Dála le haghaidh Ros Comáin-Liatroim Theas.

Mionsonraí Teagmhála


Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1
Teil: 01 888 2591 Facs: 01 878 6676
Ascaill Chois Abhann, An Cuarbhóthar, Ros Comáin
Teil: 090-662 2245  Facs: 090-662 2033

 
Mionsonraí Pearsanta

 
Tháinig ar an saol i Ros Comáin Meán Fómhair 1947. Pósta ar Elizabeth Walsh agus beirt mhac agus beirt iníon acu. Tugadh oideachas dó ag Scoil Naisiúnta Feevagh: Coláiste Summerhill, Sligeach agus ag Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath ansin. Iaroifigeach Boird Sláinte. Iarsheanadóir 1989-2002. Leaschathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Airgeadas agus an tSeirbhís Phoiblí. Comhalta den Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Tionólaí an Chomhchoiste Oireachtais maidir leis an Tionscnamh um Bainistíocht Straitéiseach.


Taifead Polaitíochta


Atoghadh chuig Dáil Éireann Bealtaine 2007. Bealtaine 2008 - Ceaptha ina Aire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (le freagracht speisialta as Tithíocht, Athnuachan Uirbeach agus as Limistéir atá i mBéal Forbartha). Aibreán 2009 - Ath-ceaptha ina Aire Stáit ag an  Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil le freagracht speisialta as Tithíocht agus Seirbhísí Áitiúil.
 
Iar-Chathaoirleach ar an gCoiste um Airgeadas agus an tSeirbhís Phoiblí.

Urlabhraí an Rialtais um Airgeadais i Seanad Éireann 1997-2002.

Comhalta den Chomhchoiste Oireachtais um Airgeadas agus an tSeirbhís Phoiblí 1997-2002.

Comhalta den Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite 1997-2002.

Iarsheanadóir 1989-2002.

Ionadaí na hÉireann ar an gComhairle Chomhairliúcháin don Choimisiún Eorpach 1989-92.

Comhalta de Chomhairle Contae Ros Comáin ó 1979

Fuair an líon is mó vótaí sa vótaíocht i dToghcháin Áitiúla in 1985, 1991 agus 1999.

Cathaoirlach ar Ardchomhairle na gComhairlí Contae 1988 agus ina chomhalta de ó 1985.

Cathaoirleach ar Chumann Sláinte Meabhrach Ros Comáin.

  • Príontáil

Foilseacháin agus Cáipéisí

Nuacht agus Óráidí

Reachtaiocht