Skip to main content

Great Blasket Island – Purchase of Property by the State.

19/03/09

Mr John Gormley, TD, Minister for the Environment, Heritage & Local Government., and Dr Martin Mansergh, TD., Minister of State with responsibility for the Office of Public Works (OPW), have pleasure today (13 Feb. 09) in announcing the completion of the purchase of the majority land-holding interest on the Great Blasket Island, Co Kerry.

Negotiations with the owners, Blascaod Mór Teoranta, had been taking place over a number of years in order to acquire into public ownership a substantial portion of the Island with a view to establishing a National Historic Park.

"This is a major advancement of the objective to preserve an important component of our national cultural, historic and linguistic heritage”, Minister Gormley said. “In 2005 the Government decided that the majority of land interests on An Blascaod Mór should be purchased by the State. This goal has now been reached.”

“I believe that this purchase marks a major advancement towards the conservation and management of the Island through the gradual implementation of an agreed Management Plan” Minister Gormley continued. “An Blascaod Mór is a tangible repository of the way-of-life, traditions and rich culture of a native Irish-speaking western island community, particularly from the 19th and early 20th century period. Its national and international importance merits protection of the Island by the State.” Funding of around €2m was made available by Minister Gormley’s Department to enable the purchase to be completed.

Minister of State Martin Mansergh added: “I am delighted to welcome this very special addition to the wide portfolio of heritage properties managed by OPW. The Visitor Centre at Dún Chaoin on the mainland overlooking the Island, Ionad An Bhlascaod Mór, already receives 50,000 visitors annually and also makes a major contribution to the socio-economic fabric of the region.” The Centre presents and interprets the Island’s heritage and gives visitors an experience of the social roots which inspired the great Irish language works. It includes exhibitions with graphics, models and audio-visual elements, and guide staff. The Centre will continue in this role and complement the conservation-focused presentation of the actual Island.

  ENDS                          -------------------------------------------------------

BACKGROUND – GENERAL

The Great Blasket Island is renowned as an exceptional, intact relic of the way-of-life, traditions and rich culture of a native Irish-speaking western island community, particularly from the 19th and early 20th century period. The social history, folklore and subsistence farming/fishing traditions are unsurpassed in Ireland and of both National and International importance.
The Island was abandoned by the community in 1953, and many of their descendants settled on the mainland around Dún Chaoin and Dingle.

The Island was the home of three noted Irish-language writers:
- Peig Sayers (Peig., & Machnamh Seanmhná, (Memories of An Oldwoman), 1939)
- Muiris Ó Súilleabháin (Fiche Bliain ag Fás, (Twenty Years a-Growing), 1933)
- Tomás Ó Criomhthain (An t-Oileánach, (The Islandman), 1937)

The OPW will be responsible for the management, conservation and promotion of the property and will carry-out initial protection/conservation works to the structures on the acquired property which formed part of the abandoned village. A detailed Management Plan, agreed with local stakeholders, will guide the future management of the Island.


Media queries:
Press and Information Office
Tel: (01) 888 2638  (direct)
(01) 888 2000
E-Mail: press-office@environ.ie
Web site: www.environ.ie

An Blascaod Mór – Ceannach Sealúchas ag an Stáit

D’fhógair an tAire Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil, An tUas. John Gormley TD agus An Dr Máirtín Mhainséaraigh, TD, Aire Stáit le freagracht do Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) go bhfuil an chríoch mhullaigh curtha ar cheannach an tsealúchais talún is mó ar an mBlascaod Mór, Co. Chiarraí.

Táthar i mbun comhchainteanna leis na húinéirí, Blascaod Mór Teoranta, le roinnt bhlianta anuas ionas go dtiocfadh stráice substaintiúil den Oileán faoi úinéireacht phoiblí agus é mar aidhm Páirc Náisiúnta Stairiúil a bhunú.

"Céim mhór chun cinn an méid seo san aidhm dhaingean atá againn caomhnú a dhéanamh ar ghné thábhachtach d'ár n-oidhreacht náisiúnta ó thaobh cultúir, staire agus teanga ”, a dúirt an tAire Gormley. “Rinne an Rialtas cinneadh i 2005 gur cheart don Stát mórchuid na ngabháltas ar An Blascaod Mór a cheannach. Tá an sprioc sin bainte amach anois.”

“Creidim gur dul chun cinn tábhachtach atá sa cheannach seo i dtreo chaomhnú agus bhainistíocht an Oileáin de réir Phlean Bainistíochta comhaontaithe a cuirfear i bhfeidhm de réir a chéile” dar leis an tAire Gormley. “Is taisce suaithinseach é An Blascaod Mór de shaol, de thraidisiúin agus de chultúr shaibhir phobail in Iarthar Éireann arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais go háirithe le linn an tréimhse ón 19ú aois agus sa chuid luath den fichiú haois. Tá cosaint an Stáit tuillte ag an Oileán de bharr a thábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta.”

Chuir Roinn an Aire Gormley maoiniú de €2 mhilliún ar fáil chun ceannach na talún a chur i gcrích.

Ag cur leis an bhfógra seo dúirt an tAire Stáit Máirtín Mhainséaraigh: “Is breá liom go bhfuil an talamh seo ar an mBlascaod glactha againn chugainn féin mar is cuid an-speisialta é anois den raon leathan sealúchas ata á mbainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí.

Tugann isteach is amach le 50,000 duine cuairt gach bliain ar an ionad mínithe, Ionad An Bhlascaoid Mhóir, ar an míntír i nDún Chaoin, ní a chuireann go mór le saol socheacnamaíoch an réigiúin”.
Cuireann an tIonad saol an oileáin i láthair agus tugann sé léargas do chuairteoirí ar na cúinsí sóisialta a ba bhun leis na saothair den scoth a chuir na hoileanaigh ar fáil as Gaeilge.
Ar fáil san Ionad tá graificí, mionsamhlacha, maraon le gnéithe closamhairc agus foireann de threoraithe. Leanfaidh an tIonad leis an ról seo agus cuirfidh sé leis an gcur i lathair ar an oileán féin, arb é an caomhnú a bhun is a bharr.


-------------------------------------------------------


CÚLRA –GHINEARÁLTA

Iarsma cáiliúil suaithinseach slán is ea an Blascaod Mór de shlí beatha, de thraidisiúin agus de chultúr saibhir pobail oileáin in Iarthar na hÉireann, arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais, go háirithe le linn an tréimhse ón 19ú aois agus sa chuid luath den bhfichiú haois. Níl a shárú le fáil in Éirinn den stair shóisialta nó de na traidisiúin feirmeoireachta/iascaigh, ‘ón lámh go dtí an mbéal’, a bhfuil tábhacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta ag baint leo.
Thréig an pobal an Oileán sa bhliain 1953 agus lonnaigh cuid mhaith dá sliocht ar an míntír i gcomharsanacht Dhún Chaoin agus An Daingin.
Mhair triúr údar Gaeilge iomráiteacha san Oileán:
-Peig Sayers (Peig (1936) & Machnamh Seanmhná (1939)
-Muiris Ó Súilleabháin (Fiche Blian Ag Fás, (1933))
-Tomás Ó Criomhthain (An tOileánach (1929))

Beidh Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach as bainistíocht, caomhnú agus cur chun cinn an tsealúchais, agus rachaidh siad i mbun réamh-oibreacha cothabhála/cosanta ar na struchtúir atá lonnaithe ar an sealúchas ceannaithe a bhí mar pháirt den mbaile tréigthe. Beidh Plean Bainistíochta mionsonraithe, é aontaithe le páirtithe leasmhara áitiúla, mar threoir ar bhainistíocht an Oileáin sa dtodhchaí.

Ceisteanna na meán:
An Oifig Preasa agus Faisnéise
Teil: (01) 888 2638  (díreach)
(01) 888 2000
R-Phost: press-office@environ.ie
Suíomh gréasáin: www.environ.ie

Back

  • Print this page

Publications & Documents

News and Speeches

Legislation